Short Stories of Padraig Pearse: The Easter Rising Hero of 1916
eBook - ePub

Short Stories of Padraig Pearse: The Easter Rising Hero of 1916

A Dual Language Book

  1. 120 pages
  2. English
  3. ePUB (mobile friendly)
  4. Available on iOS & Android
eBook - ePub

Short Stories of Padraig Pearse: The Easter Rising Hero of 1916

A Dual Language Book

About this book

PĂĄdraic Pearse, who played a prominent part in the 1916 rebellion, declared Ireland a Republic from the steps of the General Post Office in Dublin. He was executed, along with the other leaders, for his part in the Rising. But he was a gentle warrior at heart. These five stories show us that Pearse was a man of deep understanding with immense human awareness of the way of life of the average person. He analyses the sorrows and joys of the Irish people of his time, and writes of the tragedies of life and death from which they could never escape.

Frequently asked questions

Yes, you can cancel anytime from the Subscription tab in your account settings on the Perlego website. Your subscription will stay active until the end of your current billing period. Learn how to cancel your subscription.
At the moment all of our mobile-responsive ePub books are available to download via the app. Most of our PDFs are also available to download and we're working on making the final remaining ones downloadable now. Learn more here.
Perlego offers two plans: Essential and Complete
  • Essential is ideal for learners and professionals who enjoy exploring a wide range of subjects. Access the Essential Library with 800,000+ trusted titles and best-sellers across business, personal growth, and the humanities. Includes unlimited reading time and Standard Read Aloud voice.
  • Complete: Perfect for advanced learners and researchers needing full, unrestricted access. Unlock 1.4M+ books across hundreds of subjects, including academic and specialized titles. The Complete Plan also includes advanced features like Premium Read Aloud and Research Assistant.
Both plans are available with monthly, semester, or annual billing cycles.
We are an online textbook subscription service, where you can get access to an entire online library for less than the price of a single book per month. With over 1 million books across 1000+ topics, we’ve got you covered! Learn more here.
Look out for the read-aloud symbol on your next book to see if you can listen to it. The read-aloud tool reads text aloud for you, highlighting the text as it is being read. You can pause it, speed it up and slow it down. Learn more here.
Yes! You can use the Perlego app on both iOS or Android devices to read anytime, anywhere — even offline. Perfect for commutes or when you’re on the go.
Please note we cannot support devices running on iOS 13 and Android 7 or earlier. Learn more about using the app.
Yes, you can access Short Stories of Padraig Pearse: The Easter Rising Hero of 1916 by Patrick Pearse, Desmond Maguire in PDF and/or ePUB format, as well as other popular books in History & Irish History. We have over one million books available in our catalogue for you to explore.

Information

Publisher
Mercier Press
Year
1989
Print ISBN
9780853428831
eBook ISBN
9781781171196
Topic
History
Index
History

AN BHEAN CHAOINTE

I

‘A ChĂłilĂ­n,’ arsa m’athair liom maidin amhĂĄin tar Ă©is an bhricfeasta, agus mĂ© ag cur mo chuid leabhar le chĂ©ile le bheith ag bogadh liom ar scoil, ‘a ChĂłillĂ­n,’ ar seisean, ‘tĂĄ gnaithe agam dĂ­ot inniu. Inseaidh SeĂĄn don mhĂĄistir gur mise a choinnigh sa mbaile thĂș, nĂł sĂ© an chaoi beidh sĂ© ag ceapadh gurb i bhfolach atĂĄ tĂș, mar bhĂ­ tĂș an tseachtain seo ghabh tharainn. NĂĄ dĂ©an dearmad anois air, a ShĂ©ain.’
‘NĂ­ dhĂ©anfad, a athair,’ arsa SeĂĄn agus pus air. NĂ­ raibh sĂ© ro-bhuĂ­och fĂĄ rĂĄ is nach dhe fĂ©in a bhĂ­ gnĂł ag m’athair. Do bhĂ­ an mac seo go rĂ­-shĂĄsta, mar nĂ­ raibh mo cheachta ach go dona agam agus do gheall an mĂĄistir griosĂĄil dom an lĂĄ roimhe sin muna mbeidĂ­s ar bharr mo ghoib agam an chĂ©ad lĂĄ eile.
‘SĂ©ard dhĂ©anfas tĂș, a ChĂłilĂ­n,’ arsa m’athair, nuair do bhĂ­ seĂĄn bailithe leis, ‘an t-asal agus an cĂĄirrĂ­n a thabhairt leat go ScrĂ­ob agus ualach cfbe a tharraingt abhaile. TĂĄ sĂ­ ĂĄ baint ag MicilĂ­n MhĂĄire dom. Beimid ag tosĂș ar an gceann nua a chur ar an teach arĂș amĂĄrach, le cĂșnamh DĂ©, mĂĄ sheasann an aimsir.
‘Thug Micilín an t-asal agus an cárr leis ar maidin,’ arsa mise.
‘Beidh ort Ă© thabhairt fĂĄ na bonnachaibh, mar sin, a mhic Ăł,’ arsa m’athair. ‘Chomh luath is bhĂ©as ualach asail bainte ag MicilĂ­n croch tusa abhaile leat ar an gcĂĄrr Ă© agus rĂ©abadh MicilĂ­n leis go mbeidh sĂ© dubh. Tarraingeoimid an chuid eile amĂĄrach.’
NĂ­orbh fhada go rabhas ag baint choiscĂ©ime den bhĂłthar. Thugas mo chĂșl ar Chill BhriocĂĄin agus m’aghaidh ar an Turlach. D’fhĂĄgas an Turlach i mo dhiaidh agus do rinneas ar an nGort MĂłr. Do sheasas scathamh ag fĂ©achaint ar bhĂĄd rĂĄmha do bhĂ­ ar thuinn Loch Eileabhrach, agus scathamh eile ag spallaĂ­ocht le cuid de bhuachaillĂ­ an Inbhir do bhĂ­ mall ag triall ar scoil an Ghoirt MhĂłir.
D’fhĂĄgas mo bheannacht acu sin ag geata na scoile agus rĂĄngas Gleann Chatha. Do sheasas an triĂș huair ag breathnĂș ar iolrach mĂłr do bhĂ­ ĂĄ ghrianadh fĂ©in ar Charraig an Chapaill.
Soir liom ansin go rabhas i nDoire an Bhainbh agus nĂ­ raibh an uair go leith caite nuair do ghlanas Droichead na Glaise Duibhe.
Do bhĂ­ teach an am sin cĂșpla cĂ©ad slat soir Ăł Dhroichead na Glaise Duibhe, le hais an bhĂłthair ar thaobh do laimhe deise ag tarraingt ar an Scrib dhuit.
Ba mhinic roimhe sin do chonacas seanbhean ina seasamh i ndoras an tĂ­ sin, ach nĂ­ raibh aon aithne agam uirthi, nĂĄ nĂ­or chuir sĂ­ caint nĂĄ caideis riamh orm. Bean ard chaol do bhĂ­ inti, a cloigeann chomh geal leis an sneachta, agus dhĂĄ shĂșiI dubha mar do bheadh dhĂĄ aibhleoig, ar lasadh ina ceann. Ba bhean Ă­ do chuirfeadh scanradh orm dĂĄ gcasfaf dhom in ĂĄit uaigneach de shiĂșl oĂ­che Ă­.
Scaite do bhĂ­odh sĂ­ ag cniotĂĄil nĂł ag cĂĄrdĂĄi1 agus Ă­ ag crĂłnĂĄn Ăłs iseal di fĂ©in; ach sĂ© an rod is mĂł do bhĂ­odh sĂ­ do dhĂ©anamh nuair do ghabhainn-se an bealach, ina seasamh sa doras agus ag breathnĂș uaithi soir is anoir an bĂłthar go dĂ­reach is dĂĄ mbeadh sĂ­ ag fanĂșint Ie duine Ă©igin do bheadh amuigh uaithi agus Ă­ ag sĂșilleis abhaile.
Do bhĂ­ sĂ­ ina seasamh ann an mhaidin sin mar ba ghnĂĄch lĂ©i, alĂĄmb ar a sĂșile aici agus Ă­ ag breathnĂș uaithi soir an bĂłthar. Nuair do chonaic sĂ­ mise ag dul thairsti, do smĂ©id sĂ­ a ceann orm. Do chuaigh mĂ© anonn chuici.
‘An bhfciceann tĂș duine ar bith ag tĂ­ocht anoir an bĂłthar?’ ar sise
‘Ní fheicim.’ arsa mise.
‘Cheap mĂ© go bhfaca mĂ© duine Ă©icint. NĂ­ fĂ©idir go bhfuil mĂ© ag dul amĂș. FĂ©ach, nach sin fear Ăłg ag dĂ©anamh orainn anoir? ar sise.
‘Dheamhan a bhfeicim-se dhe,’ arsa misc. ‘Níl duine ar bith idir an spota ina bhfuilmid agus casadh an bhóthair.’
‘BhĂ­ mĂ© ag dul amĂș mar sin,’ ar sise ‘NĂ­l m’amharc chomh maith agus a bhĂ­ la. B’fhacthas dom go bhfaca mĂ© ag tiocht Ă©. NĂ­l a fhios agam cĂ©ard tĂĄ a choinneĂĄil.’
‘CĂ© tĂĄ amuigh uait?’ adeirim fĂ©in.
‘Mo mhac atá amuigh uaim,’ ar sise.
‘Bhfuil sĂ© i bhfad amuigh?’
‘Ar maidin inniu a d’imigh sĂ© go hUachtar Árd.’
‘Ach ar ndĂłigh, nĂ­ fhĂ©adfadh sĂ© bheith anseo go fĂłill,’ arsa mise. ‘ShĂ­lfĂ©a gurb ar Ă©igin a bhĂ©adh sĂ© in Uachtar Árd faoi seo, agus a dhĂ­cheall ĂĄ dhĂ©anamh, munab ar thraen na maidne a d’imigh sĂ© Ăłn Teach DĂłite.’
‘CĂ©ard seo tĂĄ mĂ© a rĂĄ?’ ar sise. ‘NĂ­ inniu a d’imigh sĂ© ach innĂ©-nĂł arĂș innĂ©, b’fhĂ©idir
 TĂĄ mĂ© ag cailleadh mo mheabhrach.’
‘MĂĄs ar an traen atĂĄ sĂ© ag tĂ­ocht,’ arsa mise, ‘nĂ­ bheidh sĂ© anseo go ceann cĂșpla uair fĂłs.’
‘Ar an traen?’ ar sise. ‘CĂ©n traen?’
‘An traen a bhĂ­os ag an Teach DĂłite ag a dĂł-dhĂ©ag.,’
‘NĂ­or dhĂșirt sĂ© focal i ngeall ar traen,’ ar sise. ‘NĂ­ raibh aon traen ag teacht chomh fada leis an Teach DĂłite innĂ©.’
‘Nach bhfuil traen ag tĂ­ocht go dtĂ­ an Teach DĂłite le na blianta?’ arsa mise agus ionadh mĂłr orm. NĂ­ thug sĂ­ aon fhreagra orm, ĂĄmh. Do bhĂ­ sĂ­ ag breathnĂș soir an bĂłthar arĂ­s. ThĂĄinig sort scanraidh orm roimpi agus do bhĂ­os ar tĂ­ bailithe liom.
‘MĂĄ fheiceann tĂș ar an mbothar Ă©,’ ar sise, ‘abair leis deiftr a dhĂ©anamh.’
‘Níl aon aithne agam air,’ arsa mise.
‘D’aithneĂłfĂĄ go rĂ©idh Ă©. SĂ© an buachaill is scafĂĄnta ar an bpobal Ă©. Scurach Ăłg lĂșfar agus Ă© leigthe dĂ©anta. TĂĄ cloigeann bĂĄn air mar atĂĄ ort-sa agus sĂșile glasa aige
 mar a bhĂ­ ag a athair. BĂĄinĂ­nĂ­ atĂĄ sĂ© a chaitheamh.’
‘MĂĄ fheicim Ă©,’ arsa mise, ‘inseoidh mĂ© dhĂł go bhfuil tĂș ag fanacht leis.’
‘DĂ©an, a mhaicĂ­n,’ ar sise.
Leis sin do bhogas liom agus d’fhágas ina seasamh sa doras í.
Do bhĂ­ sĂ­ ann i gcĂłnaĂ­ agus mĂ© ag dul abhaile cĂșpla uair ina dhiaidh sin agus an t-ualach cĂ­be ar an gcĂĄrr agam.
‘NĂ­or thĂĄinig sĂ© fĂłs?’ arsa mise lĂ©i.
‘NĂ­or thĂĄinig, a mhĂșirnin. NĂ­ fhaca tusa Ă©?’
‘Ní fhacas.’
‘Ceal nach bhfacais? NĂ­ mĂ© beo cĂ©ard d’éirigh dhĂł.’
BhĂ­ gothadh bĂĄistĂ­ ar an lĂĄ.
‘Gabh isteach go mbeidh an mĂșr thart,’ ar sise. ‘Is annamh a bhĂ­os cuideachta agam.’
D’fhĂĄgas an t-asal agus an cĂĄirrĂ­n ar an mbĂłthar agus do chuaigh mĂ© isteach sa teach.
‘Suígh agus ól cupán bainne,’ ar sise.
Do shuigh mĂ© ar an mbinnsin sa gclĂșid agus thug sĂ­ deoch bhainne agus ruainne arĂĄin dhom. Do bhĂ­os ag breathnĂș thart timpeall an tĂ­ an fhaid is do bhĂ­os ag ithe agus ag Ăł1. Do bhĂ­ cathaoir in aice leis an tine agus lĂ©ine gheal agus culaith Ă©adaigh leagtha uirthi.
‘TĂĄ siad seo rĂ©idh agam len’ aghaidh nuair a thiocfas sĂ©,’ ar sise. ‘Nigh mĂ© na bĂĄinĂ­nĂ­ innĂ© tar Ă©is imeachta dĂł – nĂ­ hea, arĂș innĂ© – nil a fhios agam i gceart cĂ©n lĂĄ ar nigh mĂ© iad; ach ar chuma ar bith, beidh siad glan tirim roimhe nuair a thiocfas sé  Cia hainm thĂș fĂ©in?’ ar sise go hobann tar Ă©is scathaimh di ina tost.
D’inis mĂ© di.
‘Muise, mo ghrĂĄ thĂș!’ ar sise. ‘An t-ainm ceanann cĂ©anna is a bhi – a-a-a-atĂĄ – ar mo mhac fĂ©in. CĂ© leis thĂș?’
D’inis mĂ© di.
‘Agus an ndeir tĂș liom gur mac le SeĂĄn FhĂ©ichin thĂș?’ ar sise. ‘Bhi t’athair sa teach Ăłsta in Uachtar Árd an oĂ­ehe Ășdan
’
Do stop sĂ­ go hobann leis sin agus thĂĄinig athrĂș Ă©igin uirthi. Do chuir sĂ­ lĂĄmh ar a cloigeann. Do cheapfĂĄ gur buille do buaileadh uirthi.
Do shuigh sĂ­ os comhair na tine ansin agus d’fhan sĂ­ ar feadh scathaimh ag fĂ©achaint roimpi isteach i gcroi na tine. Ba ghearr gur thosaigh sĂ­ ĂĄ bogadh fĂ©in anonn agus anall Ăłs cionn na tine agus ag crĂłnĂĄn nĂł ag eaoincadh Ăłs Ă­seal.
Nior thuig mĂ© na focla i gceart, nĂł dob fhearr liom a rĂĄ nach ar na focla do bhĂ­os ag cuimhniĂș ach ar an gceol.
Chonacthas dom go raibh uaigneas na gcnoc in am marfa na hoíehe, nó uaigneas na huaighe nuair nach gciorraíonn inti ach na cnumha, san gceol sin. Seo iad na focla de réir mar do chualas óm athair ina dhiaidh sin iad:
‘BrĂłn ar an mbĂĄs, sĂ© dhubh mo chroĂ­-se,
D’fhuadaigh mo ghrĂĄ is d’fhĂĄg mĂ© cloĂ­te,
Gan cara gan compĂĄnach fĂĄ dhĂ­on mo thĂ­-se.
Ach an léan seo im lår, is mé ag caoineadh!
‘Ag gabhĂĄil an tslĂ©ibhe dhom trĂĄthnĂłna,
Do labhair an éanlaith liom go brónach,
Do labhair an naosc binn is an crotach glĂłrach
Ag faisnéis dom gur éag mo stórach.
‘Do ghlaoigh mĂ© ort is do ghlĂłr nĂ­ chualas,
Do ghlaoigh mé arís is freagra ní bhfuaras,
Do phĂłg mĂ© do bhĂ©al, is a Dhia, nĂĄrbh fhuar Ă©! –
Och, is fuar Ă­ do leaba sa gcillĂ­n uaigneach.
‘’S a uaigh fhód-ghlas ina bhfuil mo leanbh,
A uaigh chaol bheag, Ăłs tĂș a leaba,
Mo bheannacht ort, ’s na mílte beannacht
Ar na fĂłda glasa atĂĄ Ăłs cionn mo pheata.
‘BrĂłn ar an mbĂĄs, ni fĂ©idir a shĂ©anadh,
Leagann sĂ© Ășr is crion le chĂ©ile –
’S a mhaicĂ­n mhĂĄnla, is Ă© mo chĂ©asadh
Do cholainn chaomh bheith ag dĂ©anamh crĂ©afĂłig’!’
Nuair do bhĂ­ sin crĂ­ochnaithe aici, do lean sĂ­ ĂĄ bogadh fĂ©in anonn agus anall agus ag caoĂ­neadh go hĂ­seal. B’uaigneach an ĂĄit Ă© bheith sa teach iargĂșlta Ășd agus gan de chomhluadar agat ach an tseanbhean aonraic Ășd ag caoineadh go cumhach difĂ©in cois na tine. ThĂĄinig faitĂ­os agus uaigneas orm agus d’éirigh mĂ© im sheasamh.
‘TĂĄ sĂ© in am agam bheith ag dul abhaile,’ arsa mise. ‘TĂĄ an trĂĄthnĂłna ag glanadh.’
‘Gabh i leith,’ ar sise liom.
Do chuaigh mĂ© anonn chuici. Do leag sĂ­ a dhĂĄ lĂĄimh go min ar mo chloigeann agus do phĂłg si clĂĄr m’éadain.
‘Ar choimri DĂ© dhuit, a mhaicĂ­n,’ ar sise. ‘Go lige sĂ© anachain na bliana thart agus go mĂ©adai sĂ© sĂł agus sonas na bliana agat-sa agus ag do chomhluadar.’
Leis sin do lig sĂ­ uaithi mĂ©. D’fhagĂĄs an teach agus do ghreadas liom abhaile.
‘CĂĄ raibh tĂș nuair a rug an mĂșr bĂĄistĂ­ ort a ChĂłilĂ­n?’ arsa mo mhĂĄthair liom an oĂ­che sin. ‘NĂ­ dhearna sĂ­ aon bhrĂ­.’
‘D’fhan mĂ© i dteach na seanmhnĂĄ udan taobh thoir de Dhroichead na Glaise Duibhe,’ arsa mise. ‘BhĂ­ sĂ­ ag caint liom i dtaobh a mic. TĂĄ sĂ© in Uachtar Árd ie cĂșpla lĂĄ, agus nĂ­l a fhios aici tuige nĂĄr thĂĄinig sĂ© abhaile roimhe seo.’
D’fhĂ©ach m’athair anonn ar mo mhĂĄthair.
‘An Bhean Chaointe,’ ar seisean.
‘CĂ© hĂ­ fĂ©in?’ adeirim-se.
‘An Bhean Chaointe,’arsa m’athair. ‘MĂșinre na gCaoineadh.’
‘Tuige ar tugadh an t-ainm sin uirthi?’ arsa mise.
‘I ngeall ar na caointe bhĂ­os sĂ­ a dhĂ©anamh,’ d’fhreagair m’athair. ‘’SĂ­ an bhean chaointe is mĂł cĂĄil i gConamara nĂĄ i nDĂșthaigh Sheoighe Ă­. Cuirtear fios uirthi i gcĂłnaĂ­ nuair a cailltear duine. SĂ­ a chaoin m’athair-se agus tĂĄ seansĂ­gurab Ă­ a chaoinfeas mĂ© fĂ©in. Aćh go bhfĂłire Dia uirthi, is iad a mairbh fein bhĂ­os sĂ­ a chaoineadh i gcĂłnaĂ­, is cuma cĂ©n corp bhĂ­os sa teach.’
‘Agus cĂ©ard tĂĄ a mac a dhĂ©anamh in Uachtar Árd?’ arsa mise.
‘Cailleadh a mac fiche bliain ó shin, a Chóilín,’ arsa mo mhathair.
‘NĂ­or cailleadh cor ar bith Ă©,’ arsa m’athair agus aghaidh an-dubh air. ‘MARAÍODH Ă©.’
‘Ce mharaigh Ă©?’
Is annamh do chonacas m’athair agus fearg air, ach b’uafĂĄsach Ă­ a chuid feirge nuair d’éiriodh sĂ­ dhĂł. Do bhain sĂ© geit asam nuair do labhair sĂ© arĂ­s, do bhĂ­ sĂ© chomh borb sin.
‘CĂ© mharaigh do sheanmhathair fĂ©in? CĂ© bhain an fhuil dhearg as guaillĂ­ mo sheanmhathar-sa ie laisc? CĂ© dhĂ©anfadh Ă© ach na Gaill? Mo mhallacht ar –.’
D’éirigh mo mhathair agus do chuir sĂ­ a lĂĄmh lena bhĂ©al.
‘NĂĄ tabhair do mhallacht d’aon duine, a SheĂĄin,’ ar sise. Do bhĂ­ mo mhĂĄthair chomh carthannach sin nĂĄr mhaith lĂ©i an droch-fhocal do chaitheamh leis an diabhal fĂ©in. Creidim go raibh trua aici ina croĂ­ do ChĂĄin agus do IĂșdas agus do Dhiarmaid na nGall.
‘TĂĄ sĂ© in am againn an PaidrĂ­n a rĂĄ,’ ar sise. ‘Inseoidh t’athair dhuit i ngeall ar ChĂłilĂ­n MhĂșime, oĂ­che Ă©icint eile.’
‘A athair,’ arsa mise agus sinn ag dul ar ar nglĂșine, ‘cuireadh muid paidir ie anam ChĂłilĂ­n anocht.’
‘Cuirfimid sin, a mhaicín,’ arsa m’athair go min.

II

OĂ­che ĂĄirneĂĄin san ngeimhredh do bhĂ­ chugainn d’inis m’athair scĂ©al MhĂșirne dhĂșinn Ăł thĂșs deireadh. Is maith is cuimhin liom Ă© ina shui i lĂłchrann na tine, fear leathanghuailleach, ach Ă© beagĂĄn cromshlinneĂĄnach, a chuid gruaige ag liathachain, ruic i gclĂĄr a Ă©adain, fĂ©acaint bhrĂłnach ina shĂșile.
Do bhĂ­ sĂ© ag cur caoi ar shean-tseol an oĂ­che sin, agus do bhĂ­os-sa ar mo ghlĂșine lena ais in ainm is a bheith ag cuidiĂș lei...

Table of contents

  1. INTRODUCTION
  2. ÍOSÁGAN
  3. EOINEEN OF THE BIRDS
  4. THE ROADS
  5. THE BLACK CHAFER
  6. THE KEENING WOMAN
  7. ÍOSÁGAN
  8. EOGHAINÍN NA nÉAN
  9. NA BÓITHRE
  10. AN DEARG-DAOL
  11. AN BHEAN CHAOINTE
  12. About the Publisher